Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Ceol Baile
Ceol Baile
Ceol Baile
Ebook52 pages17 minutes

Ceol Baile

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Tá Ceol Baile lán de cheol agus de bhaile: ceol raidió, ceol cathrach, ceol cóisire, rapcheol, ceol na bhfocal, agus an ceol is na hamhráin a bhaintear as an saol.
Tá sé lán de bhaile an linbh agus an tuismitheora, baile na samhlaíochta, bailte in Éirinn agus sa Spás, baile an ghrá, baile an dúnmharaithe, agus an bus abhaile.
Ach níl ansin ach blaiseadh den saol atá á shealbhú anseo. Tá an-ghealladh go deo faoin scríbhneoir seo, agus cuireann sé é féin in iúl le stíl shoiléir sholéite. Tá úire, téagar agus greann ag baint le dánta is amhráin Ceol Baile.

Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air cois reilige is ea Marcus Mac Conghail. Ní rothaíonn sé chun na hoibre gach lá. Tá saothar leis foilsithe agus craolta in áiteanna éagsúla, ach is é seo an chéad leabhar uaidh. Tá an-tóir ar a bhlag, agus is gairid go mbeidh albam dá chuid amhrán á thaifeadadh aige.

LanguageGaeilge
Release dateApr 22, 2014
ISBN9781310314407
Ceol Baile
Author

Marcus Mac Conghail

Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air cois reilige is ea Marcus Mac Conghail. Ní rothaíonn sé chun na hoibre gach lá. Tá saothar leis foilsithe agus craolta in áiteanna éagsúla, ach is é seo an chéad leabhar uaidh. Tá an-tóir ar a bhlag, agus is gairid go mbeidh albam dá chuid amhrán á thaifeadadh aige.

Related to Ceol Baile

Related ebooks

Related categories

Reviews for Ceol Baile

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Ceol Baile - Marcus Mac Conghail

    Clár

    Dánta

    Filleadh Caoch

    Scread Mhaidine

    Stadeolaíocht

    Léarscáil

    Eminem ar Siúl

    Tuairisc

    Cumar

    Slán le hEaglais

    Do m’Athair

    Dumhach Thrá

    Seomra Samhraidh

    Dúnmharú na hEacnamaíochta

    @Cmdr_Hadfield

    3 Amígós

    Cur Síos

    Ceol Baile

    Murachtaint

    Lot 68

    Cara

    Aer-Ruathar

    Montefeltro

    An Maraí Spáis

    Idir:Stad

    Amhráin

    Staten Island

    An Lár

    An Gort

    Giant’s Ring

    Buail Aríst Mé

    Ar Fithis

    Buíochas

    Filleadh Caoch

    Fothram

    bán

          na

    fearthainne

    —gach micriphléascán

    ag cealgphriocadh

    is ag ga-pholladh

    gloiniú dúbailte

    mo shuain

    Scread Mhaidine

    Sciurdann

    mo gheit in airde

    trím’ scaoll suain

    go scéinséir súl na maidine

    Seasaim

    ar bhior plaisteach bréagáin bhriste

    é sáite

    i mbeo mo sháile

    Casaim

    is dá mhéad a chasaim

    dervish-timpeall

    is mó a éalaíonn

    crios is muinchille m’fhallaing sheomra uaim

    Baineann

    mo chuid leibideachta

    barr m’iongan díom

    le snapadh

    dhoras an tseomra leapan

    Éirígí! Éirígí!

    Beidhsibhdéanachdonscoil

    (is mé féin déanach don obair)

    Is tuislím ó chairpéadchéim

    go cairpéadchéim síos

    d’iarraidh breith ar sciorta áidh an lae

    atá leathshlí cheana féin

    go stad an bhus

    Stadeolaíocht

    do Chiara Ní Éanacháin

    Brúim cnaipe na haipe ag ceapadh

    go gcuirfí ar an eolas mé

    ach in áit am theacht an bhus a thabhairt dom

    ar mo ghuthán

    faighim radharc fíor-ama

    den tiománaí ag féachaint orm

    (is é ag tiomáint an bhus thar bráid)

    ar ardú mo chinn dom

    Léarscáil

    Plátaí teicteonacha

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1