Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Ar an gCoigríoch
Ar an gCoigríoch
Ar an gCoigríoch
Ebook568 pages7 hours

Ar an gCoigríoch

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

The diverse selection in this anthology demonstrates the value of Irish-language literature as a unique source of information and insight into the various aspects of emigration, in the post-famine period. T he real value of the book, however, lies in the manner in which different stories are brought together to provide a rich Irish-language and Gaeltacht perspective on the subject.

LanguageGaeilge
Release dateJan 1, 2008
ISBN9781908947628
Ar an gCoigríoch

Related to Ar an gCoigríoch

Related ebooks

Reviews for Ar an gCoigríoch

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Ar an gCoigríoch - Cló lar-Chonnacht

    Tagartha

    Réamhrá

    Is téama lárnach i nualitríocht na Gaeilge i gcoitinne é téama na himirce. Tá léargas ar an imirce le fáil i ndírbheathaisnéisí agus in úrscéalta pobail na Gaeltachta go háirithe, agus is téama tábhachtach í an imirce in iliomad drámaí, gearrscéalta agus dánta ó údair Ghaeilge éagsúla ó aimsir na hathbheochana i leith.¹ Léargas ón taobh istigh ar thaithí eacnamaíoch agus shóisialta pobal ar an imeall is ea a fhaighimid sna cuntais Ghaeltachta go hiondúil. Réigiúin faoi mhíbhuntáiste ba ea formhór na gceantar a áiríodh mar cheantair Ghaeltachta ag tús an fichiú haois agus bhí an imirce – an imirce shéasúrach, an imirce chun na cathrach agus an eisimirce – mar dhlúthchuid de shaoltaithí agus de shaoldearcadh an phobail sna ceantair sin. Feicimid léiriú san ábhar atá foilsithe sa leabhar seo ar an gcaoi ar glacadh leis an imirce sin mar ghnáthchuid den saol: páistí agus daoine óga ag glacadh leis gur rud nádúrtha é daoine gaoil leo a bheith ag dul ar imirce, fir agus mná óga ag súil lena ndeis féin chun imeachta, tuismitheoirí ag glacadh le himirce a gclainne mar chuid dhosheachanta den saol, fiú dá mba choscrach féin an scaradh sin. Cuirtear tús leis an mbailiúchán seo le gearrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain ‘An Bhliain 1912’, scéal cumhachtach a léiríonn an chaoi a bhfuil máthair Ghaeltachta agus an iníon is sine aici gafa i ndráma na himirce. Is í an imirce – agus dearcadh na beirte ar an imirce – a mhúnlaíonn an gaol mothálach atá á scrúdú sa scéal, agus feictear sa ghaol sin raon iomlán na mothúchán a spreagann ceist na himirce, ó dhólás domhaolaithe an tuismitheora go dtí dóchas sceitimíneach an té a imíonn. Léiríonn an t-ábhar atá bailithe le chéile sa díolaim seo nach leor aon insint amháin ar scéal na himirce Éireannaí mar go mbíonn na gnéithe éagsúla den scéal le cur san áireamh i gcónaí: an imirce mar dheis is mar dhúshlán pearsanta, an imirce mar mhodh éalaithe ón gcruatan is ón ngannchuid, an imirce mar fhuascailt ó chuingeacha sóisialta agus morálta, ó laincisí pobail is teaghlaigh. Is sna hinsintí pearsanta a chuireann an litríocht ar fáil is fearr go minic a thuigtear na castachtaí sóisialta agus síceolaíocha, chomh maith leis na ceisteanna eacnamaíocha agus polaitiúla, a bhíonn taobh thiar de scéal na himirce mar scéal náisiúnta pobail.

    Gné thábhachtach de léiriú na himirce i nuascríbhneoireacht na Gaeilge ba ea an chaoi a n-úsáidtí an saothar ficseanúil d’aon oghaim uaireanta le teachtaireachtaí frithimirce a chur abhaile. Is iomaí saothar teagascach den chineál seo a cumadh sa Ghaeilge, ar nós an úrscéilín An Cneamhaire (1903) le hÚna Ní Fhaircheallaigh nó an dráma An Deoraidhe: Dráma i n-aghaidh Imtheachda thar Sáile (1906) le Lorcán Ua Tuathail, ceann de na drámaí Gaeilge is mó a léiríodh i mblianta tosaigh na hathbheochana, a bhfuil sliocht as i gcló anseo. Meon láidir náisiúnaíoch a bhí taobh thiar den chineál seo léirithe ag tús an fichiú haois, chomh maith leis an dearcadh gur bhaol do mhoráltacht an Éireannaigh óig Chaitlicigh é nó í a bheith ar strae i dtír nó i gcathair choimhthíoch. Ní cathair mar a tuairisc a bhí i gceann scríbe an imirceora, de réir an léirithe a fhaightear sa litríocht frithimirce, agus is minic a léirítear gur ar bhealach a(h)aimhleasa – go háirithe ó thaobh na moráltachta – a chuaigh an t-imirceoir agus gur díol trua agus náire é nó í dá bharr sin. ‘Fíorsgéal a bhaineas leis an imirce’ an fotheideal a cuireadh leis an ngearrscéal cáiliúil ‘Nóra Mharcais Bhig’ le Pádraic Ó Conaire, nuair a foilsíodh den chéad uair in An Claidheamh Soluis i 1907 é. D’fhéadfaí úrscéal Uí Chonaire, Deoraíocht (1910), a léamh mar shaothar den chineál seo freisin sa mhéid go léiríonn sé drochbhail an deoraí Éireannaigh i gcathair Londan ag tús an fichiú haois. Is saothar ar leith é an t-úrscéal seo, áfach, a fheidhmíonn ar leibhéil éagsúla mar go dtarraingíonn sé ar thaithí saoil an údair agus ar scéal na nÉireannach i Londain sa tréimhse sin, ach chomh maith leis sin go dtugann sé léargas ar phróiseas síceolaíoch an choimhthithe nach bhfuil a shárú le fáil i litríocht na tréimhse sin. Téama de chuid an úrscéil seo – agus téama a ritheann trí go leor den litríocht faoin imirce Éireannach – is ea an gaol idir an imirce agus cúrsaí talún agus deiseanna cleamhnais sa bhaile.

    Ní hí an eisimirce amháin atá i gceist i litríocht na himirce sa Ghaeilge. Tá léargas ar leith ar fáil i nuascríbhneoireacht na Gaeilge ar an díláithriú inmheánach a bhain leis an imirce go dtí na cathracha, le bánú na tuaithe, leis an aistriú soir, agus le tréigean na n-oileán Gaeltachta – cineálacha imirce a bhailigh dlús de réir mar a chuaigh próisis an nua-aoisithe i bhfeidhm ar shaol na tuaithe agus ar shaol na tíre i gcoitinne. Tugann saothar scríbhneoirí mar Mháirtín Ó Direáin agus Phádraig Ua Maoileoin le fios nár lú cumha an dreama a bhí ar shiúl óna ndúchas i mBaile Átha Cliath ná cumha na muintire a chuaigh go Meiriceá nó go Sasana. Is é an stoiteachas – bunaithe ar a thaithí imirce féin – mórthéama fhilíocht Uí Dhireáin, mar shampla, ach faightear léargas eile ar an aistriú soir i saothair a bhaineann le hathlonnú pobail, ar nós athlonnú mhuintir Chonamara go Ráth Cairn i lár na dtríochaidí. Teaghlaigh iomlána a d’aistrigh an uair sin agus b’éigean dóibh na seanghabháltais a ghéilleadh ionas go bhféadfaí iad a roinnt ar a seanchomharsana thiar. Ní hamháin go raibh a mbaile dúchais á fhágáil ina ndiaidh acu, más ea, ach bhí deireadh go deo á chur leis an seanbhaile, rud a chuir go mór le deacracht an athlonnaithe, go háirithe do na seandaoine ina measc.² Tá ceist na teanga féin lárnach sna cuntais seo agus scrúdaíonn saothair áirithe dúshláin agus trámaí an athchultúraithe agus an t-imirceoir tuaithe agus Gaeltachta ag socrú síos i dtimpeallacht choimhthíoch agus i measc pobail Éireannaigh nach raibh chomh tuisceanach sin i gcónaí dá c(h)ás.

    Is mar chinniúint thragóideach a shamhlaítear an imirce i gcuntais liteartha áirithe. Ba gheall le bás é an imirce go Meiriceá i mblianta deireanacha an naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois, mar shampla, nuair ba bheag imirceoir de chuid na cosmhuintire a d’fhill ar an mbaile. Faightear léirithe pearsanta ar an imirce sin i gcuntais ó údair Ghaeltachta mar Pheig Sayers, Mhuiris Ó Súilleabháin agus Shéamus Ó Grianna, chomh maith le cur síos ar na nósanna agus na searmanais a bhain le comóradh an imirceora chun bealaigh. Déantar léamh polaitiúil ar an imirce chéanna i dtéacsanna eile, áfach, go háirithe i saothar scríbhneoirí a tháinig in inmhe faoi réimeas an stáit neamhspleách. Cé is moite de Dhónall Mac Amhlaigh, is iad na scríbhneoirí Gaeltachta Seosamh Mac Grianna agus Máirtín Ó Cadhain is géire ina mbreithiúnas ar an rialtas dúchais nár éirigh leis pobal na Gaeltachta a chosaint ó éigeantacht na himirce sa tréimhse iarchoilíneach. Tá sé suimiúil freisin go dtagann léiriú na litríochta le fianaise na staire a dhearbhaíonn nárbh ionann meon na mban agus meon na bhfear i dtaobh na himirce. Tagann an dearcadh dearfach a léiríonn mná i dtéacsanna áirithe leis an léargas atá curtha ar fáil i réamhaiste staire Phádraig Uí Threabhair sa leabhar seo.³

    Ba mhodh éalaithe agus fuascailte ó laincisí baile agus pobail é an imirce do mhórán ban Éireannach. Táthar ag cuimhneamh anseo ar mhná nár theastaigh uathu go ndéanfaí cleamhnas dóibh nó nár theastaigh uathu a bheith ceangailte le feirm a muintire agus gan aon luach saothair á fháil acu. Is léir ó dhírbheathaisnéis Pheig Sayers gur bhreá léi, agus í ina bean óg, imeacht go Meiriceá ach an deis a fháil chuige. Tuigtear ó shaothair scríbhneoirí an Bhlascaoid gur le fonn agus díocas a lean na mná óga a chéile sall go Springfield Massachusetts. Samhlaíodh do charachtair mhná scéalta Shéamuis Uí Ghrianna faoi mar a samhlaíodh do Bhríde Bhán, carachtar lárnach úrscéal Phádraig Uí Mhaoileoin, nach raibh aon todhchaí fónta i ndán dóibh ina gceantair dhúchais Ghaeltachta ach go mbeadh idir shaoirse, chearta agus deiseanna gan áireamh acu ach dul ar imirce. Sa scéal ‘An Bhliain 1912’ chítear go bhfuil Máirín ar bís le saol mealltach Mheiriceá a bhlaiseadh, saol ar chuala sí iomrá air ó bhí sí ina leanbh. In ainneoin cumha a bheith ar an mbean óg agus an baile á fhágáil aici, tuigeann sí go mbeidh sí i measc a cairde gaoil i South Boston agus thairis sin nach fada go mbeidh an t-ógfhear a bhfuil sí mór leis á leanúint go Meiriceá. Seans maith go bpósfar thall iad. Chítear go mbeidh deirfiúracha Mháirín ag faire amach dá bpaisinéireacht, leis. Scéal cumasach é seo ina ndéantar gné uilíoch imirce na linne sin a thabhairt chun léargais sa sampla aonair.

    Tuigimid gurbh é an neamhspleáchas pearsanta agus eacnamaíoch an rud ba tharraingtí ar fad i dtuairim na mban a bhí ag cuimhneamh ar dhul ar imirce. Tuigeadh dóibh go gcaithfidís imeacht dá mb’áil leo stádas an duine fhásta a bheith acu agus é de cheart acu airgead a shaothrú, saol sóisialta le dealramh a bheith acu agus an ceart agus an tsaoirse acu a rogha fear a phósadh. Tagann na cúrsaí seo chun tosaigh i bhficsean Dhónaill Mhic Amhlaigh, mar a bhfeictear mná Éireannacha ag tabhairt aghaidhe ar cheisteanna féiniúlachta, dílseachta agus morálta i gcomhthéacs roghanna atá déanta nó le déanamh acu. I gcásanna áirithe cuirtear tréimhse na himirce in iúl mar eispéireas dearfach, tairbheach – in ainneoin an uaignis – eispéireas a spreagann forás na féintuisceana agus na féinmhuiníne.

    Is é mórluach na litríochta Gaeilge mar fhoinse léargais ar an imirce Éireannach ná go soláthraíonn sí fianaise luachmhar phearsanta agus áitiúil ar an mórscéal náisiúnta. I gcomhthéacs litríocht na himirce go Meiriceá, is díol suntais ar leith iad na tuairiscí éagsúla a thugann leithéidí Mhicí Mhic Gabhann, Neilí Uí Bheaglaoich agus Thomáis Uí Chinnéide ar an turas báid ó Éirinn go Meiriceá agus ar na gnéithe timpeallachta a chuaigh i bhfeidhm orthu ar shroichint na tíre thall dóibh. Maidir le cuntas Mhicí Mhic Gabhann ar an tslí ar bhain sé féin agus roinnt comrádaithe leis Klondike an óir amach sa bhliain 1898, níl a shárú le fáil i nGaeilge ná i mBéarla. Stíl spleodrach, fhórsúil a stiúrann an cur síos a dhéantar ar eachtraí a tharla, ar dhaoine a casadh orthu, ar áiteanna a chonacthas agus ar smaointe agus chuimhní a dúisíodh in intinn Mhic Gabhann féin. Mórscéal eachtraíochta agus taiscéalaíochta a nochtar san insint mar ar léir diongbháilteacht, dásacht agus spiorad dochloíte na gConallach seo agus iad ar thóir an óir. Maidir leis an imirce go Sasana i lár an fichiú haois, ní annamh cur síos á dhéanamh ar an turas ar an mbád bán go Holyhead agus ar thraenacha agus stáisiúin a samhlaítear doicheall agus coimhthíos leo. Tráchtar i roinnt saothar ar aduaine agus ghleithearán stáisiún Euston, mar a gcaitheann mórán imirceoirí Éireannacha aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne shearbh, is é sin, gurb é saol anacair an choimhthígh, an díbeartaigh nó an fhánaí atá rompu feasta.

    Má thógtar cás an imirceora Éireannaigh i Sasana san fhichiú haois, feicfear gur cuid dhílis de litríocht na himirce sin an cur síos ar chúrsaí lóistín. Ó aimsir Deoraíocht Phádraic Uí Chonaire anuas go dtí ré An Traimp le Diarmaid Ó Gráinne, is iomaí pictiúr a dheartar de thithe móra lóistín, d’árasáin bhrocacha nó de sheomraí ar geall le cillíní iad i gceantair faoi leith i gcathracha móra Shasana. Arís agus arís eile dírítear aird an léitheora ar ghruaim agus ar atmaisféar smúitiúil na gceantar seo atá i bhfrithshuí iomlán le tírdhreach tuaithe bhaile dúchais fhormhór na n-eisimirceoirí. Gné é seo a aibhsíonn eispéireas na deoraíochta, ar ndóigh, mar gur géire an solas a chaitear ar anbhuain an díláithrigh a mhaireann ó sheachtain go seachtain nó ó mhí go chéile gan stiúir chinnte ar a shaol, gan ancaire baile le maíomh aige. Gheofar tuairisc, leis, i saothair ó thréimhsí éagsúla, ar Éireannaigh atá gan dídean, atá ró-imithe le dul i mbun oibre agus a bhfuil teagmháil caillte lena muintir sa bhaile acu. Iad cloíte, b’fhéidir, ag ualach na neamhshuime.

    Maidir leis na léargais a sholáthraíonn litríocht na Gaeilge ar chúrsaí oibre thar lear, is ábhar spéise iad na hamhráin deoraíochta, a chum fir de bhunadh Chorca Dhuibhne, a thugtar i dtosach Chaibidil a Trí. In ainneoin an mhaoithneachais a mbeifí ag súil leis sa seánra sin, tugann said spléachadh dúinn ar a dhéine agus a mhíshláintiúla a bhí saol an mhianadóra Éireannaigh i mButte, Montana i dtreo dheireadh an naoú haois déag. Ar ndóigh, is geall le doiciméad suaithinseach sóisialta é an cur síos a dhéanann Micí Mac Gabhann ar dhianobair na mianadóireachta i Montana agus i Klondike. Tugann Neilí Uí Bheaglaoich éachtaintí suimiúla dúinn ar shaol an chailín aimsire agus an fheighlí linbh i Chicago i bhfichidí agus i dtríochaidí an fichiú haois. Gheofar tuairiscí le Tomás Ó Cinnéide agus Maidhc Dainín Ó Sé ar a bheith ag obair i monarchana i Chicago agus i San Francisco, agus tráchtann Domhnall Ó Síthigh ar an tréimhse a chaith sé ag obair i monarcha Ford i Dagenham, Essex i gcaogaidí déanacha na haoise seo caite mar a raibh an-chuid Corcaíoch ag obair san am.

    Is iomaí cur síos a dhéantar ar an sclábhaí Éireannach ag náibhíocht i Sasana sa tréimhse iarchogaidh. Gan amhras, ba é Dónall Mac Amhlaigh a thug an pictiúr ba ghrinne, ba ghéarchúisí agus ba chuimsithí de shaol agus de mheon an oibrí Éireannaigh i Sasana sna caogaidí, nuair a bhí fuílleach oibre ar fáil d’fhear na sluaiste is na piocóide agus nuair a bhí géarghá le mná óga Éireannacha a rachadh le banaltracht agus le hobair mhonarchan.⁴ Má b’fhollas tréithe an scríbhneora chruthaithigh i stíl Dialann Deoraí, agus, ar ndóigh, bhí i bhfad níos mó ná tuairisceoireacht lom i gceist sa saothar sin, is cinnte gur bhain Mac Amhlaigh leas as scóip agus féidearthachtaí an tsaothair ficsin le roinnt aincheisteanna faoi chás an imirceora Éireannaigh i Sasana a chíoradh, mar is léir i gcuid den saothar cruthaitheach leis a thugtar sa díolaim seo.

    Dála aon ghrúpa eisimirceoirí, bhí tábhacht nach beag ag baint leis an gcaidreamh sóisialta i measc na nÉireannach thar lear. Is léir ón litríocht gur chuid lárnach de shaol sóisialta na nÉireannach i gcathracha Mheiriceá agus Shasana iad na hallaí rince Éireannacha. Is iomaí tagairt a dhéantar do chroíúlacht agus chuideachtúlacht na nÉireannach i gcomhthéacs na rincí agus an cheoil Ghaelaigh, agus ní cheiltear an taobh eile den scéal orainn ach an oiread, is é sin, an ródhúil san ólachán agus sa troid a leanfadh an t-ól go minic. Ionaid shóisialta ar leith a bhí sna tithe tábhairne, ar ndóigh, agus gan dabht ba thearmann a bhí iontu d’oibrithe ar theastaigh uathu éalú ó fhuacht agus ó dhochma an tí lóistín. I gCaibidil a Ceathair anseo thíos, gheofar cuntais bhríomhara ar ghnéithe éagsúla den saol sóisialta úd; ina measc léifear tuairisc Thomáis Uí Chinnéide faoi hippies San Francisco sna seascaidí agus tuairisc Risteaird de Paor faoi oíche shóisialta i mBirmingham, áit a dtagraítear do na teddyboys, do ranganna Gaeilge agus do scliúchas le linn rince Éireannaigh. Móitíf amháin a ritheann trí roinnt cuntas ar an saol sóisialta is ea an t-idirdhealú de réir aicme agus contae a dhéanann na hÉireannaigh féin agus a gcomhthírigh á bplé acu. Ní cheiltear míghean grúpaí áirithe Éireannach ar a chéile, rud a chuireann le hinchreidteacht an léirithe.

    Gné thábhachtach de léiriú seo na litríochta ar thaithí an imirceora is ea an léargas a thugann sí dúinn ar chaidreamh mhuintir na hÉireann le grúpaí eile sóisialta: a ngaol le hóstphobail éagsúla, mar shampla, le fo-aicmí sóisialta agus le himirceoirí ó thíortha eile. Tugann Pádraic Ó Conaire léargas dúinn ar iarmhairtí na himirce iar-Ghorta ina chuntas in Deoraíocht ar an ngeiteo Éireannach i Londain ag tús an fichiú haois. ‘Éire bheag’ a thugann sé ar an gceantar is ar an gcomhluadar, agus díríonn sé a aird go háirithe ar an meath a bhí i ndán do chultúr na n-imirceoirí (idir theanga agus nósanna iompair) ina leithéid de shuíomh. Is minic a dhíríonn litríocht na himirce ar na difríochtaí idir an t-imirceoir míshocair agus an dúchasach seanbhunaithe, agus is gné dhílis de chuid an léirithe sin an steiréitíopú a dhéantar ar aicmí agus ar chiníocha ar leith. Tá go leor samplaí den chodarsnacht idir an tÉireannach agus an Sasanach le fáil i saothar scríbhneoirí mar Dhónall Mac Amhlaigh, Phádraic Breathnach agus Dhiarmaid Ó Gráinne. Tagann imirceoirí eile, ar nós dhíláithrigh iarchogaidh oirthear na hEorpa, isteach san insint i gcás shaothar Mhic Amhlaigh, agus léirítear ina úrscéal Deoraithe (1986) go bhféadfadh an t-imirceoir mná Éireannach níos mó dáimhe a bheith aici leis an deoraí Liotuánach ná mar atá aici lena comhimirceoirí Éireannacha. Tagann teagmháil na nÉireannach leis an gcine gorm faoi raon an phlé i saothair a bhaineann le Meiriceá, agus is é mórluach an léirithe a fhaightear sna saothair sin nach ndéantar aon ró-iarracht gnéithe an amhrais agus na claontuairime, gnéithe coitianta den teagmháil idir chultúir, a cheilt. De bhrí go dtugtar léargas macánta i saothair áirithe ar an bhfaitíos agus an drochamhras a ghineann difríochtaí fisiciúla, bronntar luach breise ar an bhfianaise a sholáthraítear i saothair eile den chomhbhá agus den chomhthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ann idir grúpaí eitneacha éagsúla. Díol suime sa chomhthéacs seo is ea fianaise na gcuntas dírbheathaisnéise ó scríbhneoirí Duibhneacha mar Neilí Uí Bheaglaoich, Thomás Ó Cinnéide agus Mhaidhc Dainín ó Sé, áit a bhfaightear cuntais an-oscailte ar mheon na n-údar faoi na suímh shóisialta a casadh orthu.

    Cuid ar leith de stair na himirce Éireannaí is ea an imirce shéasúrach ag deireadh an naoú haois déag agus i leath tosaigh an fichiú haois, ábhar a phléitear i gCaibidil a Cúig. Ábhar iontais do léitheoir óg an lae inniu is ea na tuairiscí ar imirce páistí agus daoine óga sna saothair dhírbheathaisnéiseacha seo, mar a mbíonn na húdair ag cur síos ar thréimhse a chaith siad ar fostú ag feirmeoir deisiúil éigin i gceantar a bhí i bhfad óna mbaile dúchais. Tréimhse sé mhí a chaití as baile go minic agus, ar ndóigh, géarghá ag a muintir leis an airgead a shaothraídís. Chítear sna tuairiscí seo, agus is ag trácht ar litríocht Thír Chonaill atáthar go príomha anseo, a óige a bhí páistí nuair a théidís in aimsir den chéad uair, an tslí a ndéantaí an margadh, na deacrachtaí teanga agus creidimh a bhíodh i gceist, na coinníollacha oibre a bhíodh i bhfeidhm an uair sin nuair nach mbíodh aon trácht ar chearta páistí. Dála thaithí imirce na ndaoine fásta – agus tuigtear gurbh é an bád bán a bheadh daite ag an gcinniúint d’fhormhór na bpáistí sin nuair a d’fhásfaidís suas – tagtar ar na mothúcháin chéanna deoraíochta, mar atá, an cumha i ndiaidh an bhaile agus an teaghlaigh, an páiste faoi dhaorsmacht an mháistir a d’fhostaigh é/í, drochbhia agus drochlóistín go minic, deacrachtaí teanga agus tuisceana, easpa measa ar theanga agus ar chúlra cultúrtha an pháiste féin. Ba chuid thábhachtach de theacht in inmhe an Chonallaigh óig a chéad turas go hAlbain, cineál imirce séasúraí a bhfuil tuairiscí cuimsitheacha ar fáil air sna foinsí Gaeilge.

    Ar cheann de na gnéithe is spéisiúla de scéal na himirce Éireannaí tá dearcadh défhiúsach an phobail sa bhaile i dtaobh na himirce agus i dtaobh a muintire féin a chuaigh ar imirce. Is sna scéalta faoi imirceoirí a d’fhill is mó a fheictear é seo go minic. Ní bhíonn an léiriú sin riamh neodrach. Más rud é an imirce a chlaochlaíonn an duine, ní bhíonn tuiscint i gcónaí ag an bpobal sa bhaile ar nádúr an chlaochlaithe sin. Léirítear drochamhras faoin imirceoir ar éirigh leis, drochmheas ar an duine a bhíonn ag maíomh as a ghaisce agus trua don duine a chlis nó don duine a chaill a shláinte ‘i dtír an allais’. Faightear cuntais i saothair éagsúla litríochta ar imirceoirí atá as áit iar fhilleadh dóibh, ar imirceoirí nach socróidh síos arís go brách in Éirinn, ar dheoraithe Gaeltachta i mBaile Átha Cliath a bhraitheann gur turasóirí anois ina gceantar dúchais féin iad. Níl aon réiteach sásúil ar fhadhbanna an díláithrithe ach cuidíonn na téacsanna seo linn tuiscint níos fearr a bheith againn ar nádúr an athchultúraithe agus ar na deachmaí sóisialta agus cultúrtha a bhí le híoc ag pobal na hÉireann as an dul chun cinn eacnamaíoch a tháinig leis an imirce.

    Is fíor go bhfuil athrú tagtha ar scéal na himirce Éireannaí le blianta beaga anuas. Is toradh é seo ar éascaíocht chúrsaí taistil agus ar an mórdhul chun cinn eacnamaíoch atá tarlaithe in Éirinn ó lár na nóchaidí i leith. Tá saol cultúrtha na tíre á mhúnlú anois ag an inimirce (agus an aisimirce) seachas ag an eisimirce, agus tá muintir na hÉireann in ann teacht agus imeacht ar bhealach nach raibh indéanta riamh roimhe seo i stair na tíre. Is é an toradh atá air sin ar fad, ó thaobh na scríbhneoireachta de, ná go bhfuil litríocht an taistil ag teacht chun cinn in áit litríocht na himirce. Má tá deireadh le tráma na himirce, is éard atá tagtha ina áit ná míshuaimhneas síoraí an taistealaí. Mar a deir Tarlach Mac Con Midhe, agus é ag trácht ar an deoraíocht i ré an idirlín: ‘Cosúil le lucht siúil, b’fhéidir, nílim ar mo shuaimhneas in aon áit amháin, ach ar turas, ar cuairt timpeall.’⁵ Is é an meafar a úsáideann Mac Con Midhe le cur síos a dhéanamh ar an saol idir dhá thír ná meafar an hipirtéacs: ‘Feictear domsa go bhfuil saol an deoraí ag éirí an-chosúil le hipirtéacs. Feicim rud anseo i saol amháin a chuireann rud eile ansiúd i gcuimhne dom, déanaim cliceáil aigne air, agus tá mé ann …’⁶ Is dóigh go mbeidh tuiscintí mar sin úsáideach amach anseo má tá daoine le dul i dtaithí ar an ngluaiseacht agus ar an idirchultúrthacht mar ghnéithe dílse den saol comhaimseartha.

    Ní minic foinsí Gaeilge á lua ná á meas sa taighde ar an imirce Éireannach agus is annamh a phléitear taithí imirce na bpobal sin arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais. Féachadh, mar sin, le bailiúchán téacsanna a chur i dtoll a chéile sa díolaim seo a thabharfadh léargas cuimsitheach don léitheoir ar léiriú na litríochta Gaeilge ar an imirce Éireannach agus go háirithe ar imirce lucht Gaeltachta. Roghnaíodh ábhar a bhaineann le tréimhsí agus le réigiúin éagsúla agus a phléann le réimse leathan taithí. Aithneoidh léitheoirí go bhfuil seoda liteartha i measc an ábhair a bhfuil fáil air anseo. Tuigfear freisin gurb é tábhacht shainléargas phobal na Gaeilge a bhronnann luach ar leith ar shaothair áirithe.

    Tá an leabhar roinnte ina shé chaibidil, agus gnéithe éagsúla de scéal na himirce, mar a léirítear sa litríocht é, i gceist i ngach caibidil díobh: Caibidil a hAon: Tús Aistir (an cinneadh á dhéanamh agus ag ullmhú chun imeachta); Caibidil a Dó: Na Seolta á gCrochadh (An turas agus sroichint ceann scríbe: timpeallachtaí nua); Caibidil a Trí: Obair agus Luain (Cineálacha agus cúinsí fostaíochta); Caibidil a Ceathair: Comhluadar is Caitheamh Aimsire (Saol sóisialta an imirceora: deiseanna agus dúshláin); Caibidil a Cúig: Margadh na Saoire (An imirce shéasúrach agus imirce na bpáistí); Caibidil a Sé: Imirce nó Deoraíocht? (Meon an phobail i dtaobh na himirce). Leantar ord cróineolaíoch agus réigiúnach taobh istigh de gach caibidil (seachas Caibidil a Cúig), ag tosú le téacsanna a bhaineann leis an imirce go Meiriceá (imirce dheireadh an naoú haois déag agus imirce an fichiú haois), agus ag leanúint ar aghaidh ina dhiaidh sin le tagairtí don imirce go Sasana (ag tús, lár agus deireadh an fichiú haois), agus don imirce taobh istigh den tír (athláithriú mhuintir na tuaithe, mhuintir na Gaeltachta, agus phobal na n-oileán agus a n-athlonnú sna cathracha, san oirthear, ar an míntír). Tá súil againn go gcuideoidh an leagan amach téamúil seo le léitheoirí ceangal a dhéanamh idir na hinsintí éagsúla ar bhealach nach mbeadh chomh héasca sin dá mbeadh na saothair á léamh ina gceann agus ina gceann. Tá súil againn freisin, ar ndóigh, go spreagfar léitheoirí le filleadh ar na bunsaothair féin agus cuirtear an t-eolas bibleagrafaíoch a bheidh de dhíth chuige sin ar fáil ar chúl an tsaothair seo. Níor féachadh le caighdeán Gaeilge an lae inniu a bhualadh anuas ar na téacsanna atá i gcló anseo. Taobh amuigh de chorrbhotún cló a cheartú os íseal, nó de mhionleasuithe litrithe a chur i bhfeidhm thall is abhus i dtéacsanna ina raibh an focal céanna á litriú ar bhealaí éagsúla, fágadh na sleachta faoi mar a foilsíodh sna bunfhoinsí iad.

    Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Dr Pádraig Ó Treabhair, Uachtarán Choláiste Phádraig, Droim Conrach, as an réamhaiste staire a scríobh don díolaim, leis an Dr Matthew Stout, Roinn na Staire, Coláiste Phádraig, a chóirigh an léarscáil ar lch 28, leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, Scoil an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, as an tacaíocht a thug sé don tionscnamh ón tús, agus lenár gcomhghleacaithe Roinne sa dá Choláiste as an spreagadh a fuaireamar uathu.

    — Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin

    Nótaí

    1  Féach Máirín Nic Eoin, An Litríocht Réigiúnach (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar, 1982), 81–9, 97–105, 115–22, 152–5, 162–7, 170–72, 182–205; idem, Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Baile Átha Cliath, Cois Life, 2005), 122–68; Micheál Ó Conghaile, ‘Meon na hImirce’, Irisleabhar Mhá Nuad (1987), 260–73; idem, Conamara agus Árainn 1880–1980: Gnéithe den Stair Shóisialta (Indreabhán, Cló Iar-Chonnachta, 1988), 203–93; Aisling Ní Dhonnchadha, Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940–1990 (Baile Átha Cliath, An Clóchomhar, 2002), 19–36; Philip O’Leary, The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881–1921 (Pennsylvania, The Pennsylvania State University Press, 1994), 131–54 (go háirithe 148–52), 401–55; idem, Gaelic Prose in the Irish Free State 1922–1939 (Dublin, University College Dublin Press, 2004), 123–30, 154–6.

    2  Féach Micheál Ó Conghaile, ‘An Imirce agus na Teaghlaigh’ in Micheál Ó Conghaile (eag.), Gaeltacht Ráth Cairn: Léachtaí Comórtha (Indreabhán, Cló Iar-Chonnachta, 1986), 51–69.

    3  Féach freisin Janet A. Nolan, Ourselves Alone: Women’s Emigration from Ireland 1885–1920 (Kentucky, The University Press of Kentucky, 1989), 23–9; Rosemary Cullen Owens, A Social History of Women in Ireland 1870–1970 (Dublin, Gill & Macmillan, 2005), 170–73.

    4  Do phlé ar leith ar théama na himirce i saothar Dhónaill Mhic Amhlaigh, féach Seán Ó Cearnaigh, ‘Údar ar Imirce’, Comhar (Nollaig 1987), 34–9; Máirín Nic Eoin, ‘An Scríbhneoir agus an Imirce Éigeantach: Scrúdú ar Shaothar Cruthaitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh’, Oghma 2 (1990), 92–104; idem, ‘Polaitíocht na nOibrithe agus na nImirceoirí: Saothar Iriseoireachta Dhónaill Mhic Amhlaigh’, Scáthán (1991), 20–5; Séamus Ó Fuaráin, Saothar Dhónaill Mhic Amhlaigh: Iriseoireacht, Cumadóireacht, Tráchtaireacht Shóisialta (Miontráchtas MA, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, 1990); Ruaidhrí Ó Béarra, Dónall Mac Amhlaigh: Beathaisnéis agus Clár Saothair Gaeilge (Tráchtas MA, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 2001).

    5  Tarlach Mac Con Midhe, ‘An Deoraíocht i Ré an Idirlín’, Comhar (Meán Fómhair 1997), 21.

    6  Ibid.

    An Imirce Éireannach: Léargas na Staire

    Rugadh Maidhcí Ó Gallchóir sa Chorrán, in Acaill, sa bhliain 1904 agus is ann a cailleadh é sa bhliain 1992. Rugadh a bhean chéile, Máire Ní Éalaí, sa bhliain 1909 agus cailleadh sa bhliain 2001 í. Ba lánúin de chuid an fichiú haois iad Maidhcí agus Máire agus léiríonn scéal a mbeatha go leor de stair shóisialta a bpobail dúchais agus de stair go leor pobal eile ar chósta thiar na hÉireann sa ré sin. Bádh duine is tríocha a bhí ar bhád athair Mháire taobh le cé Chathair na Mart agus iad ag triall ar Ghlaschú sa bhliain 1894. Agus í ina bean óg, lean Máire lorg a muintire nuair a chuaigh sí ar imirce go Cleveland, áit a raibh pobal líonmhar ó oileán Acla roimpi. Bhí deartháir níos sine léi, Tom, tar éis seal a chaitheamh i gCleveland, ach d’fhill seisean agus chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair i Sasana, fad is a d’fhan a bhean is a chlann sa bhaile in Acaill. D’imigh a deirfiúr Caitríona go Cleveland freisin ach cailleadh bliain ina dhiaidh sin leis an bhfliú í. Fad is a bhí Máire i gCleveland, thosaigh sí ag siúl amach le Seán Ó Gallchóir ó Acaill. Nuair a buaileadh a máthair tinn, d’fhill sí ar an mbaile agus tamall ina dhiaidh sin phós sí deartháir Sheáin, Maidhcí.

    Bhí taithí ag Maidhcí Ó Gallchóir ar an imirce freisin. D’imigh a dheartháir, a bhí níos sine ná é, ar imirce go Cleveland sa bhliain 1920 agus é ar a theitheadh ó na Dúchrónaigh. Chuaigh sé sna póilíní, phós sé agus bhí beirt pháistí aige. Tháinig sé abhaile ar saoire sa bhliain 1939 ach níor fhill sé riamh ar Éirinn ina dhiaidh sin. Lean a dheirfiúr Cathy go Cleveland é, ach bhog sí go Detroit ina dhiaidh sin, áit ar phós sí Meiriceánach de bhunadh Gearmánach. Ceathrar clainne a bhí aici. Chaill sí teagmháil lena muintir agus níor fhill sí riamh ar Éirinn. Chuaigh deirfiúr eile go Cleveland freisin, ach ina dhiaidh sin shocraigh sí i Nua-Eabhrac, phós sí fear ó Chill Mhantáin agus bhí cúigear páistí aici. Tháinig sí ar ais go hÉirinn ar laethanta saoire sa bhliain 1980. Chuaigh deartháir eile ar imirce go Londain. Chuaigh sé ag obair ar na bildeálacha, phós sé, bhí triúr clainne aige agus fuair sé bás i Sasana. Chuaigh Maidhcí é féin go Sasana sna tríochaidí agus rinne obair shéasúrach i Lancashire sular fhill sé ar Acaill le slí bheatha a bhaint amach dó féin mar iascaire. Chaith sé roinnt blianta i Sasana arís ag tús na seascaidí.¹

    Is feiniméan aonair agus feiniméan pobail í an imirce. Is rud thar a bheith pearsanta agus rud iontach poiblí ag an am céanna í. Is scéal ar leith, scéal sainiúil, gach uile scéal imirce, ach is scéal comónta freisin é, eispéireas a roinntear le han-chuid daoine eile. Tá sí áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar go nascann sí scéalta ceantar ar leith sa tír leis an mórscéal náisiúnta, agus scéal an óstphobail le scéal na ndaoine a chuireann fúthu ina measc. Tá an imirce náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach eile freisin. Cé gur eascair taithí saoil na n-imirceoirí ó Acaill, ó Chonamara, ó Chiarraí agus ó Dhún na nGall as cúinsí eacnamaíocha agus sóisialta ar leith, tá go leor i gcoitinne acu le himirceoirí ó áiteanna eile san Eoraip. Is é an dúshlán is mó don staraí ná na bunchúiseanna atá taobh thiar den imirce a aimsiú agus a iniúchadh, agus ag an am céanna an t-aitheantas cuí a thabhairt don iliomad scéalta pearsanta atá ar chúl an mhórscéil phobail.

    Cuireann an réamhaiste staire seo roimhe léargas a thabhairt ar scéal na himirce Éireannaí sa tréimhse atá i gceist sa chnuasach seo, agus ar an gcaoi sin comhthéacs a sholáthar do na cuntais luachmhara atá le fáil i gcorp an leabhair. Díreofar go háirithe ar an tréimhse idir an Gorta agus seascaidí an fichiú haois, agus ar na fórsaí eacnamaíocha, sóisialta, déimeagrafacha agus polaitiúla ba mhó a mhúnlaigh scéal na himirce sa tréimhse sin. Féachfar leis na buncheisteanna a bhaineann le scála agus le cineál na himirce a fhreagairt. Cé a d’imigh? Cad iad na réigiúin is mó as ar imigh siad? Cén uair a d’imigh siad agus cén fáth ar imigh siad? Cá raibh a dtriall? Díreofar ar thábhacht ceisteanna aicme agus inscne, agus ar an éifeacht a bhí ag an imirce, agus ag an aisimirce, ar shaol na tíre. Cuirfidh an aiste scéal imirce na Gaeltachta, arb é is mó a insítear i litríocht Ghaeilge na himirce, i gcomhthéacs scéal na himirce Éireannaí i gcoitinne.

    Bhí Éireannaigh ag dul ar imirce i bhfad roimh aimsir an Ghorta Mhóir, ach bhí an imirce sin ag tarlú i gcomhthéacsanna ina raibh an daonra i gcoitinne sa tír ag méadú. Ba é an rud ba shuaithinsí faoin imirce leanúnach sna blianta tar éis an Ghorta ná gur ag titim a bhí daonra na tíre ag an am agus gurbh í an imirce féin ba phríomhchúis leis an titim sin.² Bhí Éire neamhghnách ar an gcaoi sin mar, cé go raibh imirce shuntasach ag tarlú ag an am ó thíortha Eorpacha eile mar an Ghréig, an Iodáil, an Spáinn agus an Phortaingéil, ní raibh sí ar scála chomh hard, agus bhí sí ag tarlú i ngach uile chás i gcomhthéacs daonra a bhí ag méadú. Is é an gaol seo, idir titim sa daonra agus an imirce, an ghné is suaithinsí ar fad de scéal na himirce as Éirinn.

    Chuir tubaiste na 1840idí deireadh tobann leis an bhfás i ndaonra na hÉireann a bhí ag tarlú sa tréimhse roimh an nGorta. Idir 1841 agus 1861 tháinig laghdú de 2.4 milliún ar dhaonra na tíre. Bhí an laghdú níos moille ina dhiaidh sin, ach bhí sé leanúnach, le roinnt mórthréimhsí titime, mar shampla sna 1880idí. Lean an imirce ar aghaidh ina dhiaidh sin, in ainneoin mórchlaochluithe sóisialta agus polaitiúla, ina measc turnamh chóras na dtiarnaí talún agus teacht an fhéinrialtais. Faoin mbliain 1961, bhí an daonra tar éis titim go dtí 4.2 milliún, titim de cheithre mhilliún ón tréimhse ard-daonra roimh an nGorta nuair a bhí tuairim is 8.2 milliún duine sa tír. Trí shé chontae Thuaisceart Éireann a chur san áireamh sna figiúirí seo, ceiltear titim a bhí níos mó fós sa chuid eile den tír. Idir na blianta 1841 agus 1901, thit daonra na gcontaetha sin, ach níor thit sí chomh mór sin is a thit an daonra sa deisceart. Idir 1901 agus 1971, tháinig méadú beag, go fiú, ar dhaonra na sé chontae.

    Daonra na hÉireann 1841–1971³

    Léiríonn scéal éagsúil na himirce i dTuaisceart Éireann nach féidir glacadh leis gurbh ionann scéal na himirce ó réigiún go réigiún ná ó thréimhse go tréimhse. Thit an daonra i ngach uile réigiún sa tír seachas Contae Bhaile Átha Cliath sa tréimhse díreach i ndiaidh an Ghorta, ach bhí an titim níos measa i gCúige Mumhan, i gCúige Chonnacht agus i gcontaetha iartharacha Chúige Uladh. Sa tréimhse díreach roimh an nGorta bhí daonra na gcúigí i gcomhréir, tríd is tríd, lena méid. Ba é Cúige Mumhan an cúige ba líonmhaire daoine, le daonra de 2.4 milliún, 37% de dhaonra na sé chontae is fiche, i gcomparáid le breis bheag agus 30% i gCúige Laighean. Faoin mbliain 1881, bhí daonra Chúige Laighean níos mó ná daonra na Mumhan, áit a raibh ráta an-ard eisimirce faoin am sin. Faoi thús an fichiú haois, shocraigh daonra na Mumhan ag beagáinín faoi bhun an mhilliúin agus d’fhan sé mar sin don chuid is mó den aois sin. Lean rátaí arda imirce ar aghaidh i gCúige Chonnacht agus i gcontaetha na Poblachta de Chúige Uladh (Dún na nGall, an Cábhán agus Muineachán) go dtí go luath sna 1970idí. Faoi thús na 1980idí, bhí daonra Chonnacht agus Uladh tite go dtí níos lú ná 20% de dhaonra na Poblachta, i gcomparáid leis an 33% a bhí ann aimsir an Ghorta.

    Imirce de réir cúige 1851–1911

    Cé nach raibh an patrún imirce agus laghdaithe sa daonra iomlán cothrom taobh istigh de na cúigí, mar sin féin ní raibh an oiread sin éagsúlachta idir chontaetha ná taobh istigh de chontaetha. Cé is moite de na contaetha Baile Átha Cliath, Cill Dara agus Cill Mhantáin, ní raibh de dhifríocht idir an laghdú i bhfoirm céatadáin i ndaonra chontaetha na tíre idir 1841 agus 1951 ach an difríocht idir 55% agus 74%. Idir 1911 and 1951, thit an daonra in dhá cheann agus fiche de na sé chontae fichead. Tharla méadú beag i ndaonra na gcontaetha Baile Átha Cliath, Contae na Mí, Contae Lú agus Contae Chill Mhantáin de bharr imirce inmheánaí, agus bhí an titim sa dá chontae is fiche eile idir 0.3% i gContae Chill Dara agus 35% i gContae Liatroma. Tharla laghdú de níos mó ná 20% i ndeich gcinn de chontaetha. Aon chontae dhéag ba chúis le ceithre chúigiú den titim iomlán.

    Titim sa daonra de réir contae 1911–51

    Ba é bánú na tuaithe de bharr imirce agus eisimirce ba chúis, den chuid is mó, leis an titim sa daonra. Díreach roimh an nGorta bhí 1.2 milliún duine de dhaonra na hÉireann ina gcónaí sna bailte móra. Faoin mbliain 1951 bhí sé seo méadaithe go dtí os cionn dhá mhilliún. I gcodarsnacht leis sin, bhí daonra na tuaithe tite ó bheagnach seacht milliún sa bhliain 1841 go dtí 2.3 milliún sa bhliain 1951. Ag fágáil Tuaisceart Éireann as an áireamh, áit a raibh dlús níos mó faoin ngluaiseacht i dtreo na gcathracha, tháinig méadú timpeall 25% ar phobal na mbailte móra sa chuid eile den tír, fad is a tharla titim de níos mó ná dhá thrian i ndaonra na tuaithe.⁷ Cé go raibh an claonadh seo i dtreo bhánú na tuaithe le feiceáil ar fud na tíre idir an Gorta agus 1911, ní raibh sé chomh suntasach sin i gceantair thuaithe Chúige Laighean agus Chúige Uladh sa tréimhse caoga bliain ina dhiaidh sin.

    Mar atá le feiceáil ón léarscáil a ghabhann leis seo⁸, bhí an titim i ndaonra na tuaithe níos suaithinsí i gceantair áirithe sna contaetha ar an gcósta thiar⁹, na ceantair Ghaeltachta i gCiarraí, in iarthar Chorcaí, i nGaillimh agus i Maigh Eo ina measc.

    Mar shampla, bhí daonra de os cionn 8,300 sa cheantar ina bhfuil paróistí Dhún Chaoin, Dhún Urlann, Chill Maoilchéadair, Chill Chuáin agus Mhárthain ar leithinis Chorca Dhuibhne sa bhliain 1841; faoin mbliain 1901 bhí an figiúr sin tite go dtí 4,342; faoin mbliain 1961 bhí sé tite go dtí 2,156, beagán os cionn an cheathrú cuid de mhóriomlán an daonra roimh an nGorta.¹⁰ Tá sé déanta amach ag Caoimhín Ó Danachair gur laghdaíodh daonra na Gaeltachta faoina leath le linn ré gach glúine ó aimsir an Ghorta ar aghaidh. Mheas sé go raibh tuairim is milliún duine ag úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil sna ceantair Ghaeltachta sna 1860idí; gur leath de sin a bhí ann faoi na 1890idí; gur leath de sin arís a bhí ann i 1922; gur a leath sin arís a bhí ann faoin am a raibh an Dara Cogadh Domhanda ar siúl; agus gur laghdaigh sé go dtí leath de sin arís sa tréimhse fiche bliain ina dhiaidh sin.¹¹

    Bhí an laghdú is mó sa daonra, tríd is tríd, sna ceantair thréanimirce a áiríodh mar ‘cheantair chúnga’. Cé gur bhain an imirce le gach aicme shóisialta, ba iad na daoine ba bhoichte ba mhó a d’fhulaing. Chuir an Gorta deireadh le haicme an choiteora agus ba é ba chúis le deireadh, geall leis, a bheith á chur leis an sclábhaí feirme sa tréimhse caoga bliain ina dhiaidh sin. Bhí baol ar leith ann don fheirmeoir beag féinchothaitheach, go háirithe má bhí an gabháltas róbheag mar aonad eacnamaíoch. Ba bheag a bhí le tairiscint do lucht an ghabháltais bhig neamh-inmharthana ag na hAchtanna Talún a d’aistrigh úinéireacht na talún ó na tiarnaí talún go dtí na tionóntaí sa tréimhse daichead bliain tar éis 1881. Bhí an tuiscint sin ar cheann de na cúiseanna ar bunaíodh Bord na gCeantar Cúng sa bhliain 1891. Níos mó ná seasca bliain ina dhiaidh sin, d’fhógair an Coimisiún Eisimirce go raibh na fadhbanna sna ceantair sin, ina raibh an Ghaeltacht lonnaithe, chomh dona is a bhí riamh agus nár dhócha go ndéanfadh beartais forbartha i réimsí na talmhaíochta agus na tionsclaíochta mórán maitheasa dóibh. ‘Fadhb speisialta’ a bhí i staid na réigiún sin agus theastódh tionscnaimh speisialta chun í a réiteach.

    Cuireadh Bord na gCeantar Cúng ar ceal sa bhliain 1924, agus ina dhiaidh sin bhunaigh rialtais éagsúla scéimeanna forbartha éagsúla. Féachadh le tionscail agus le fiontair ghnó ar scála beag a spreagadh, le talamh a fheabhsú agus a athroinnt, le teaghlaigh a bhogadh go dtí feirmeacha i lár tíre, agus tionscnaíodh deontais tithíochta agus scéimeanna speisialta fostaíochta. Ach lean an titim sa daonra ar aghaidh go dtí go raibh sí ina géarchéim amach is amach faoi na 1950idí. Trí na fiosruithe a rinne an Coimisiún Eisimirce, ina measc suirbhéanna agus taighde ar na cúinsí maireachtála i gceantair thuaithe, tugadh faoi deara go raibh claonadh ag teaghlaigh a ngabháltais a thréigean go hiomlán. Sa tréimhse iar-Ghorta, bhí teaghlaigh ag cur lena n-ioncam tríd an imirce shéasúrach chuig ceantair in Éirinn, in Albain nó i Sasana agus tríd an airgead a sheoladh imirceoirí abhaile chucu. Faoi na 1950idí, de réir thuairisc an Choimisiúin, bhí teaghlaigh go leor i gcleithiúnas an teacht isteach seo; is gearr go ndearnadh buanimirce den imirce shéasúrach, rinneadh faillí i bhfeirm an teaghlaigh agus tréigeadh ar fad ar deireadh thiar í.¹²

    Idir 1841 agus 1951, mhéadaigh céatadán phobal na sé chontae is fiche a bhí ina gcónaí i mbailte móra nó i gcathracha ó 15% go dtí 41%. Níor tharla an t-athrú seo de réir a chéile thar an tréimhse sin ar fad, agus is cinnte gur ghéaraigh an ghluaiseacht i dtreo na cathrach go háirithe sa tréimhse i ndiaidh 1900. Faoin mbliain 1951, bhí an cúigiú cuid de dhaonra na tíre ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Ba é méid rómhór Bhaile Átha Cliath (fiú amháin an uair sin) ba chúis le ráiteas dioplómaitiúil ón gCoimisiún Eisimirce a dúirt nach raibh daonra Bhaile Átha Cliath ‘unhealthily large’ ach go raibh líon na ndaoine a bhí ina gcónaí sa chuid eile den tír ‘undesirably small.’¹³

    Níor chóir a léamh ón méadú ar dhaonra na gceantar uirbeach nár bhain ceist na himirce le saol na gcathracha agus na mbailte móra. Nuair a chuirtear méadú nádúrtha an daonra agus an díláithriú ón tuath go dtí an baile mór san áireamh, is léir gur chuid de shaol áitritheoirí na mbailte agus na gcathracha freisin í an imirce. Ceileann an imirce inmheánach ón tuath go dtí ceantair uirbeacha leibhéal na heisimirce ó na ceantair sin. Díol spéise é go raibh leibhéal imirce na bhfear ó na ceantair uirbeacha níos airde ná leibhéal imirce na mban, mar a mhalairt a bhí i gceist sna ceantair thuaithe, rud a thógann ceisteanna rí-spéisiúla faoin ngaol idir inscne agus imirce.

    Féachadh ar an imirce go traidisiúnta i dtéarmaí thaithí saoil na bhfear: gnáthíomhá é an t-ógfhear atá á thiomáint ag cruatan, ag cúinsí sóisialta nó ag fonn eachtraíochta le cáil agus fortún a bhaint amach dó féin i dtír iasachta. Má luaitear mná ar chor ar bith ina leithéid d’insint ar scéal na himirce, is mar chleithiúnaigh a d’imigh i dteannta na bhfear, nó mar mhná céile a lean iad, a shamhlaítear iad. Cé go bhfuil sé fíor go bhfeileann an steiréitíopa seo do scéal imirce go leor ban, níl an scéal ar fad le fáil ansin. Ar cheann de na gnéithe is suaithinsí de scéal na himirce Éireannaí ó aimsir an Ghorta go dtí na 1960idí, tá ardráta imirce na mban i gcomparáid le rátaí imirce na mban ó thíortha Eorpacha eile. Ba líonmhaire iad na fir ná na mná a chuaigh ar imirce ó thíortha eile; in Éirinn bhí cothromaíocht neamhchoitianta inscne i measc na n-imirceoirí.¹⁴ D’imigh go leor imirceoirí mná ina n-aonar, agus gan é i gceist acu bualadh le daoine gaoil ná le cairde thall. Bhí na mná a d’imigh ar imirce níos óige, ar an meán, ná na fir. Ba lú díobh a d’fhill ar an mbaile. Ba mhó an seans go bpósfaidís taobh amuigh dá ngrúpa eitneach féin, go meascfaidís leis an óstphobal agus go gcaillfidís teagmháil leis an bpobal Éireannach. Tá taighde a rinneadh ar imirce na mban le blianta beaga anuas tar éis gné na hinscne de scéal na himirce a shoilsiú ar bhealach atá tar éis go leor dár mbuntuiscintí ar eispéireas na himirce a cheistiú.¹⁵

    Sna céad bliain ó 1871 go dtí 1971, agus i dtréimhsí áirithe deich mbliana taobh istigh den tréimhse sin, ba líonmhaire iad na himirceoirí mná ná na himirceoirí fir ón tír seo. Don chéad bliain trí chéile, d’imigh 15,707 fear ar an meán gach bliain i gcomparáid le 15,983 bean. Tá an difríocht beag go leor, ach is difríocht thábhachtach í, go háirithe i gcomhthéacs na gnáth-thuisceana gur feiniméan fireann í an imirce. Bhí líon breise na n-imirceoirí mná suntasach sna tréimhsí 1901–11, 1926–36, 1946–51 agus 1961–71. Tharla laghdú ar líon na n-imirceoirí mná le linn an dá chogadh dhomhanda, rud ab fhurasta a mhíniú i dtéarmaí an éilimh ar shaighdiúirí agus ar fhir oibre sa Bhreatain. D’imigh fir ina sluaite sna caogaidí de bharr na dífhostaíochta in Éirinn, ach sna seascaidí ba líonmhaire na mná ná na fir a d’imigh, in ainneoin an fheabhais a bhí tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta in Éirinn. Tharla inimirce ghlan go hÉirinn den chéad uair sna seachtóidí ach ba mhó líon na bhfear ná líon na mban a d’fhill sa tréimhse sin. Nuair a thosaigh an imirce ar scála mór arís sna hochtóidí, ba líonmhaire na fir ná na mná a chroch a seolta.¹⁶

    Bhí imirceoirí Éireannacha ní b’óige, ar an meán, ná a gcomhimirceoirí Eorpacha agus ba lú an seans go mbeidís pósta. Bhí cuid mhaith díobh san aoisghrúpa 15–24, níos mó ná 50% sa tréimhse 1924–39. Bhí idir 10% agus 15% faoi bhun a cúig déag, rud a léiríonn go raibh imirce teaghlaigh coitianta. Tá sé seo níos lú ná mar a bhí díreach tar éis an Ghorta ach ar aon leibhéal leis an bpatrún ag deireadh an naoú haois déag. De bhrí gur féachadh leis an imirce go dtí an Bhreatain a rialú sna 1940idí, le ceadúnais taistil agus fostaíochta riachtanach d’imirceoirí, tá na sonraí atá againn faoin tréimhse sin an-chruinn. Tá an patrún maidir le haois mar a bhí roimhe sin ach amháin gur tharla méadú i líon na bhfear a bhí níos sine agus laghdú san imirce teaghlaigh. D’athraigh an dá chlaonadh sin arís sna 1950idí.

    Gné leanúnach de scéal na himirce is ea go raibh imirceoirí mná níos óige ná imirceoirí fir, agus ba lú líon na mban ná líon na bhfear scothaosta a d’imigh. Bhí céatadán níos mó ban ná fear idir na haoiseanna 15–19 ag imeacht i gcaitheamh na tréimhse ar fad. Is ag dul ag obair mar chailíní aimsire a bhí cuid mhaith acu, áit a raibh an meánphá níos ísle ná an pá sna postanna gan scileanna inar fostaíodh formhór na n-imirceoirí fir.¹⁷ Bronnadh ceadúnais taistil/ oibre ar bheagnach 41,000 bean Éireannach idir Meitheamh 1948 agus Nollaig 1951. Orthu siúd, bhí 54% ag dul ag obair mar chailíní aimsire le teaghlaigh phríobháideacha, 28% i monarchana, 14% in obair bhanaltrachta, 3% in obair chléireachais agus níos lú ná 2% in obair thalmhaíochta.¹⁸

    Ba mar gheall ar óige na n-imirceoirí mná a léiríodh imní faoina sábháilteacht agus faoi na contúirtí morálta, go háirithe sna hionaid mhóra uirbeacha i Sasana. Is minic a dúradh gurbh fhearr do mhná óga dul ar imirce go dtí an Astráil nó go Meiriceá seachas go dtí an Bhreatain. Dar le tráchtaire amháin, bhí an baol ann go bhfeicfí imirceoirí mná ‘plunging into the sinks of iniquity and exchanging the spotless purity of their Irish homes for the pagan turpitude of a modern Babylon.’¹⁹ D’fhoilsítí tuairiscí ó am go chéile faoi mhná Éireannacha i Sasana a bhí gan dídean, torrach nó imithe ar an drabhlás. Leag an Eaglais Chaitliceach go háirithe béim ar na contúirtí morálta a bhí os comhair na n-ógbhan arbh fhearr leo na ‘kitchens, factories and dancehalls of other lands’ agus a d’éalaigh ó Éirinn go dtí na ‘grey streets of an alien underworld.’²⁰ Dearcadh eile a bhí ag an scríbhneoir Peadar O’Donnell, a d’fhéach ar an imirce mar mhodh éalaithe ó laincisí an bhaile nuair ba ionann teacht in oidhreacht na talún is a bheith ceangailte leis an talamh don chuid eile de do shaol; b’fhearr i bhfad an saol sóisialta a bhí acu siúd a d’imigh go dtí an Bhreatain: ‘The girls find work along the path of their brothers and neighbours, and much of the social life of home is preserved; as was the way in the United States. Donegal girls who go into domestic

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1