Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas
Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas
Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas
Ebook226 pages3 hours

Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Gheofar trácht sa leabhar seo ar chúrsaí bíoblóireachta sa naoú haois déag, cur síos ar an saol a chaith na gnáthdhaoine sa seanreacht agus cuntas ar Chogadh na Saoirse sa cheantar, chomh maith le stair na bhfoirgneamh, na n-institiúidí agus na ndaoine atá ar marthain go fóill. Gheobhaidh muintir Thuar Mhic Éadaigh in Éirinn agus níos faide ó bhaile lón machnaimh agus cuimhne sa leabhar seo.

Within this book are accounts of proselytism in the 19th century, accounts of the lives of the ordinary people in olden times and an account of the War of Independence in the area, as well as a history of the buildings, the institutions and the people that still call Tourmakeady home. Tourmakeady natives, both at home and abroad, will find plenty to think and reminisce about in this book.

LanguageGaeilge
Release dateMay 1, 2010
ISBN9781909367128
Tuar Mhic Éadaigh: Stair agus Seanchas

Read more from Pádraig Standún

Related to Tuar Mhic Éadaigh

Related ebooks

Reviews for Tuar Mhic Éadaigh

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Tuar Mhic Éadaigh - Pádraig Standún

    anuas

    RÉAMHRÁ

    Tá sé i gceist agam cur síos a dhéanamh sa leabhar seo ar stair agus ar sheanchas Thuar Mhic Éadaigh ar bhealach atá simplí agus soléite, ar féidir é a léamh le fonn cois teallaigh in áit ar bith ar domhan a bhfuil muintir na háite ag cur fúthu ann. Ba mhaith liom go mbeadh fáil ar an eolas seo chomh maith sna scoileanna áitiúla, ar phár agus ar an idirlíon. Ní saothar trom acadúil é seo, mar sin, ach an t-eolas atá ar fáil ó fhoinsí éagsúla cheana bailithe le chéile in aon imleabhar amháin. Ní scoláire ná saineolaí staire ná seanchais mé, ach duine ón taobh amuigh a chaith tréimhse i measc na ndaoine agus ar spéis liom a scéal. Stair agus seanchas trí shúile an strainséara atá ann, mar sin, mar ab fhacthas dom é agus mar a chuala mé é agus mé ag dul ó áit go háit mar shagart tríd an bpobal. Tá súil agam go spreagfaidh sé duine as an áit le stair iomlán chuimsitheach a scríobh, le haghaidh MA i gceann de na hollscoileanna, b’fhéidir. Ba mhaith liom mo leagansa de scéal na háite a fhágáil le huacht ag muintir Thuar Mhic Éadaigh nuair a imím chun na bhflaitheas, nó paróiste eile, cibé acu glaoch is túisce a fhaighim. I lámha Dé agus an Ardeaspaig atá na rudaí sin.

    Ní fios go cinnte cé as ar tháinig an t-ainm ‘Tuar Mhic Éadaigh’ ná cén chiall atá leis. Tuigtear ‘tuar’ ceart go leor, áit ar cuireadh líon amach le bánú. Tugann foclóir an Duinnínigh ‘a bleach-green or yard’ mar mhíniú, agus tugann sé ‘lín-éadach ar tuar’ mar shampla de ‘the linen is a-bleaching’. Bhí tionscal an línéadaigh fairsing go maith sa cheantar mar atá a fhios againn ó logainmneacha eile ar nós Tuar na bhFód, Tuar na Lín, Tuairín agus eile. Tá sráid i gCaisleán an Bharraigh ar a dtugtar Linenhall Street agus tá an Linen Hall féin ina ionad ealaíon anois. Baineann na deacrachtaí leis an ainm le ‘Mhic Éadaigh’. An duine a bhí ann? Nó ar tugadh focal ‘éadaigh’ isteach sa scéal mar gheall ar an línéadach? Ní fios. Maíonn na daoine a chónaíonn le taobh an bhóthair go Doire Mhianaigh gurb é sin an ‘Tuar Mhic Éadaigh dáiríre’ ónar thóg an ceantar uilig an t-ainm.

    Tá leabhair iomlána scríofa cheana faoi dhaoine a raibh baint acu le Tuar Mhic Éadaigh, ar nós A Radical Priest In Mayo – Fr Patrick Lavelle: the rise and fall of an Irish nationalist le Gerard Moran (1994). Cur síos ar dhúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882 atá sa leabhar Maamtrasna: The Murders and The Mystery (1992) le Jarlath Waldron, sagart pobail Phartraí agus Thuar Mhic Éadaigh idir na blianta 1981 agus 1993. Scríobh an tAthair Lavelle faoi na tiarnaí talún áitiúla agus náisiúnta ina leabhar féin, The Irish Landlord Since The Revolution (1870). Rinne an tOllamh Seán de Búrca ó Ghleann Sál staidéar teangeolaíoch ar Ghaeilge an cheantair in The Irish of Tourmakeady, Co. Mayo: A Phonetic Study (1958). D’fhoilsigh an Coiste Oidhreachta áitiúil leabhar, Coláiste Chonnacht, le haghaidh comóradh céad bliain an choláiste i 2005. D’fhoilsigh Micheál Lally, de bhunadh na Sraithe, leabhar faoi luíochán Thuar Mhic Éadaigh, The Tan War, Ballyovey, South Mayo, sa bhliain 2008. D’fhoilsigh an Captaen Dónal Buckley leabhar faoin ábhar céanna an bhliain sin chomh maith, The Battle of Tourmakeady: Fact or Fiction?.

    Tá giotaí staire agus seanchais le fáil san iris bhliantúil dhátheangach Waterfall Thuar Mhic Éadaighó 1987 i leith, iris a bhfuil trí eagrán is fiche de ar an bhfód faoi seo, éacht déanta bliain i ndiaidh bliana ag an lucht eagraithe agus eagarthóireachta. Chomh maith le stair agus seanchas, tá fáil san iris ar amhráin agus dánta i nGaeilge agus i mBéarla faoi eachtraí tábhachtacha i stair an pharóiste. Dá mbeadh na scríbhinní seo ar fad curtha i dtoll a chéile bheadh leabhar chomh mór leis an mBíobla Naofa i gceist. Nílim ag rá nach bhfuil Bíobla Thuar Mhic Éadaigh chomh naofa leis an gceann eile, ach geallaim nach mbeidh mo leagansa de scéalta na háite chomh fada ná chomh casta.

    Le linn dom a bheith i mo shéiplíneach ar Oileáin Árann i seachtóidí agus ochtóidí an chéid seo caite chuala mé daoine ag rá gur mó a bhí scríofa faoi na hoileáin sin ná áit ar bith eile ar domhan. Tá an scéal céanna ag muintir an Blascaoid Mhóir. Ach ní dóigh liom go bhfuil Tuar Mhic Éadaigh i bhfad taobh thiar díobh, go háirithe nuair a chuirtear an méid a scríobhadh sa Waterfall le trí bliana fichead san áireamh. Cuirim béim sa leabhar seo ar a scríobhadh i nGaeilge, cé go bhfuil sliochta i mBéarla freisin ann, mar a bheifeá ag súil leis i gceantar dátheangach. Léiríonn cuid de na scríbhneoirí a líofacht i nGaeilge agus i mBéarla. Ní bheifí ag súil, ar ndóigh, go mbeadh Gaeilge ag an darna nó an tríú ghlúin d’imirceoirí, ach is cuid thábhachtach de dhiaspóra na háite iad agus a gcuid scéalta. Léirigh said a dtacaíocht don ‘bhaile’ uair ar bith a theastaigh sé: leis an gColáiste a cheannach, leis an bpáirc peile a fheabhsú, le cuidiú le daoine a bhí gortaithe, agus ar bhealaí go leor eile.

    Tá ainm Thomáis Uí Éanacháin luaite níos minice mar scríbhneoir agus mar staraí áitiúil sa leabhar seo ná duine ar bith eile. Fuair sé bás in aois a sheacht mbliana agus ceithre scór ar an 24 Meán Fómhair 2009. I mbun cainte dom ag a shochraid luaigh mé an méid a scríobh sé don Waterfall anuas trí na blianta. Scríobh Eibhlín Ní Mháille ón tSraith, a bhí ag muineadh scoile leis i gCoill an Bhaile, faoi Thomás i Waterfall na bliana 2009: ‘Bhí baint mhór aige le haon ní a rinne forbairt air, nó a neartaigh an ceantar seo. Ba é an tsnaidhm a nasc na nithe seo uile dósan ná labhairt na Gaeilge.’

    Tá sé bliana agus dhá fhichead imithe ó sheas mé de chéaduair i dTuar Mhic Éadaigh mar oibrí de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo. Ní mórán dochair a rinne mé don tsluasaid a bhí i mo lámha ag an am, agus bhí mé ar mo bhealach go Maigh Nuad go gairid ina dhiaidh sin. D’fhill mé mar shagart níos mó ná deich mbliana fichead ina dhiaidh sin, agus tá an-taitneamh bainte agam as na blianta atá caite agam idir cnoic is loch ó 1995 i leith.

    Cúig bliana déag atá caite agamsa mar shéiplíneach i dTuar Mhic Éadaigh agus aithne curtha agam ar thogha na ndaoine. Tá carachtair mhóra imithe ar shlí na fírinne ó tháinig mé anseo. Is minic ráite gur faraor nár scríobhadh síos an t-eolas a bhí aige seo nó aici siúd; ach i gcomparáid le pobail eile sílim gur mó de sheanchas na háite ar phár anseo ná in áit ar bith eile sa tír, de bharr an Waterfall. Chomh maith leis an eolas áitiúil inti tá scéalta freisin ó Chicago, ó Sydney, ó Albain, ó Shasana agus chuile áit eile ar fud an domhain ar scaip an imirce muintir Thuar Mhic Éadaigh. Deirtear gur mó de na daoine a baisteadh anseo anuas trí na blianta atá lonnaithe i Chicago ná i Maigh Eo anois, ach le blianta beaga anuas is mó den aos óg atá ag socrú síos in Éirinn agus ina n-áit dúchais féin. Tugtar sin faoi deara ar pháirceanna peile níos mó ná aon áit eile, agus craobhacha contae agus cúige buaite ag foireann na háite ag an leibhéal idirmheánach i 2006. Tá an óige ag fanacht sa bhaile ar deireadh, buíochas le Dia.

    Gabhaim buíochas le Bord na Leabhar Gaeilge, atá faoi scáth Fhoras na Gaeilge anois, as coimisiún a bhronnadh orm chun an leabhar seo a scríobh. Mo bhuíochas freisin le hÚdarás na Gaeltachta, agus le Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, a chuidigh liom taighde a dhéanamh. Táim buíoch freisin de choiste eagarthóireachta an Waterfall a thug cead dom sleachta a úsáid as na heagráin éagsúla den iris.

    TUAR MHIC ÉADAIGH SA SEAN-RÉ

    Rinne Seán Ó Maolchaoin, arbh as Contae an Chláir dó ó thús, ach a raibh cónaí air i lár an bhaile i dTuar Mhic Éadaigh lena bhean, Rós, agus a chlann le níos mó ná fiche bliain sula bhfuair sé bás i 2006, cur síos ar chúlra geolaíochta an cheantair in alt a scríobh sé i 1991.¹ Ollamh i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus saineolaí ar chúrsaí ithreach agus cloiche a bhí ann. Thosaigh an réabadh ar fad as ar eascair an saol atá anois ann 490 milliún bliain ó shin, ar sé. Ag an am ní raibh an ceantar ar a dtugtar Tuar Mhic Éadaigh anois ach sé chéad míle taobh thoir de Cheanada agus Talamh an Éisc. Ní bheadh trácht ná tuairisc ar an duine daonna go ceann 488 milliún bliain eile.

    Bhí idir mhuir agus tír trína chéile san áit ag an am. Ar an talamh d’fhág srutháin agus aibhneacha carraigeacha, clocha beaga, gairbhéal agus gaineamh ina ndiaidh. Ghreamaigh siad seo dá chéile agus d’fhág an rud ar a dtugtar an Derryveeney rock formation sa gheolaíocht, atá le feiceáil sa bhaile fearainn Doire Mhianaigh. Tá a leithéid le feiceáil ag Eas na Coille sa bhforaois freisin. I nGleann Sál tá doimhneas 220 méadar sna carraigeacha seo le 180 méadar de ghaineamhchloch os a gcionn. Feictear an rud céanna níos airde arís ag Tóin na Sáile. Thart ar chaoga milliún bliain a mhair an tréimhse sin, an t-am a raibh fáil ar éisc de chéaduair ar an domhan seo.

    Bhí bolcáin agus clocha leáite ann ar feadh tréimhsí agus an ceantar faoi sháile. Feictear torthaí na mblianta sin thart ar Dhroim Chagaidh agus An Seanghort. Tugtar na Shanghort Beds ar a bhfuil fágtha i ndiaidh na mbolcán, agus go háirithe tar éis pléascán mór cloiche a bhfuil a rian le feiceáil thart ar Ghleann Sál. Chuir Seán carraigeacha na háite i gcomparáid leis an ngeolaíocht thart ar shléibhte Appalacia i Meiriceá agus clocha den tsórt céanna i dTalamh an Éisc. Deir sé: ‘It is interesting to note that the names of Tourmakeady, Maumtrasna, Derryveeney and Derrypark are now as well known in geological circles as to be household names.²

    Is beag atá ar eolas faoinar tharla ó thaobh dhromchla na talún de as sin go dtí céad míle bliain ó shin, nuair a bhí gach rud cé is moite de na cnoic is airde faoi leac oighir. Creidtear go raibh airde céad méadar de leac oighir i gceantar Thuar Mhic Éadaigh, gach rud ach barr na gcnoc i Sléibhte Phartraí faoina scáth. Is ón am sin a tháinig na locha sna Déirc, cuid acu go hard i measc na gcnoc. De réir a chéile thosaigh an leá agus as sin na hoighearshruthanna, a d’oibrigh mar shnoíodóirí ar dhreach na talún agus a d’fhág na cnocáin ísle idir na cnoic mhóra agus an talamh réidh atá níos gaire do Loch Measca.

    Agus an aeráid ag éirí níos teo le himeacht na mblianta thosaigh féar agus crainn ag fás. Tháinig ainmhithe ar nós an fhia. Thart ar chúig mhíle bliain ó shin a tháinig daoine, i mbun seilge ar dtús is dóigh. Tá iarsmaí ón am seo fós le feiceáil thart faoin gceantar, mar fhulacht fiadh i gceantar na Creiche, ar an taobh eile de Loch Measca. Is beag eolas eile atá againn faoinar tharla sa taobh seo tíre go dtí aimsir na Críostaíochta, agus níl an t-eolas sin féin an-chruinn, cheal scríbhinní. Óbha Ceara a tugadh ar an áit a bhfuil paróiste Phartraí agus Tuar Mhic Éadaigh i láthair na huaire suite, mar chrú capaill, d’fhéadfá a rá, thart ar an taobh ó thuaidh de Loch Measca.

    Bhí lucht eaglasta ó Óbha Ceara, Laobhán agus Foirtchearn, ag tionól Dhroim Ceat in AD 590 in éindí le Muireadach, pátrún Dheoise Chill Ala i dtuaisceart Mhaigh Eo, chomh maith le Greallán ó Chrebh agus Bede ó Inis Ceá. Bhí baint ag Naomh Finín leis an bparóiste agus tugtar ómós dó sa logainm Leitir Fhinín sa taobh tíre ó dheas den pharóiste. Bheannaigh sé altóir i mBaile an Tobair in aice láimhe.³ Tá séipéal i Loch Ceara, Cill Fhinín, tiomnaithe don naomh freisin. Tá baint ag roinnt de na hoileáin i Loch Measca leis na naoimh, Oileán Cholm Cille ina measc. Tá ballaí ansin a tógadh siar chomh fada leis an seú haois, ceaptar. Tá tobar beannaithe i nDroim an Draighin ar a dtugtar Tobar Chaoile nó Chaolach, ach is beag eolas atá ar fáil faoin mbean sin.

    Tá ráflaí staire ann go raibh Foirtchearn ina easpag tamall, gur theastaigh ó Naomh Lomán in Áth Troim gurbh é a bheadh mar chomharba air agus gur dhiúltaigh sé a bheannacht nó gur ghlac Foirtchearn leis an bpost. D’éirigh sé as tar éis trí lá. Níl aon chinnteacht ag baint leis an scéal mar gheall ar dhátaí agus aois na naomh áirithe seo, ach, ar ndóigh, ní haon dochar maíomh as gur dóigh go raibh easpag sa pharóiste tráth. Maidir le fothracha ón tseanaimsir, is ón tríú haois déag an méid atá fágtha i reilig Pháirc an Teampaill, mórán ar comhaois leis na ballaí ársa atá caomhnaithe go maith i lár na reilige i gCill Chiaráin, gar do bhruach Loch Ceara ar an taobh eile den pharóiste.

    Tugtar Sléibhte Phartraí ar na cnoic os cionn Thuar Mhic Éadaigh agus tugadh ‘Mountpartry’ ar an bparóiste fré chéile thart ar chéad bliain ó shin. Thug Ruairí Ó Flaithearta ‘Partrigia de Monte’ agus ‘Partrigia de Lacu’ ar an dá thaobh ina shaothar Ogygia, agus cuid de na scríbhneoirí eile ‘Partraighe an tSléibhe’ agus ‘Partraighe an Locha’. Dúirt Dubhaltach Mac Fhirbhisigh: ‘Tuatha Phartraighe ó Ath na Mallachtán go Glaisí Guairt na Lainde, agus ó Chaol na bhFál agus ó Goirmialláin agus ó Dorchaidhe a Taisceadh’. Nó ‘Taisígheadh Uí Dhorchaidhe’ amháin de réir leabhair Shéamais agus Ghiolla Íosa Mhic Fhirbhisigh.⁴ Luann Mac Fhirbhisigh ‘Ó Banán ó Bhaile Uí Bhanáin’, baile is furasta a aithint go dtí an lá atá inniu ann.

    Ar bharr an tsléibhe i nDroim Chagaidh, gar do Lochán Sí, tá ciorcail gearrtha sa chloch, nach bhfuil a fhios go baileach cén aois iad, ach ón gclochaois neoiliteach de réir staidéir a rinne Christian Corlett. Deir seisean: ‘The landscape situation of this site indicates that the rock art here forms an intrinsic part of a sacred national landscape on a mountain top far removed from the living man-made landscape below.’⁵ Deirtear nár frítheadh ach sampla amháin eile den chloch-ealaín seo i gCúige Chonnacht: i mBuaille, gar do Chruach Phádraig. Tá an tsnoíodóireacht seo 1,200 troigh os cionn leibhéal na farraige, déanta i ngleann ar bhealach nach bhfeicfí go héasca, rud a thaispeánann, de réir na dtuairiscí, go raibh baint ag an áit le cúrsaí reiligiúnda nó spioradálta.

    Is léir gur sine an obair chloiche seo i bhfad ná na fothracha atá tagtha anuas chugainn ó thús ré na Críostaíochta, ach muna bhfuil cruinneas ag baint leis an stair ón aimsir sin, níl locht ar bith ar an seanchas ó Lochán Sí.

    Tá Ráth an Óir i ngar don lochán sin agus tá scéalta faoi ar nós ‘Scéal Mháire na Rann’. Tógadh an scéal seo a leanas faoi Mháire na Rann ó P. O’Meara (Peaitín Pháidín Eoin) agus foilsíodh san iris Béaloideas é sa bhliain 1940:

    Bhí bean i mo pharóiste féin arbh ainm di Máire Ní Chonacháin ach bhí an leasainm uirthi ‘Máire na Rann’. ’Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin uirthi ná mar bhí sí an-thráthúil go deo ina cuid cainte. ’Sé an ghairm a bhí aici bheith ina bean páistí. Bhí sí lá ag dul an bóthar le bean eile nuair a léim frog suas ar a toiseach. Thug Máire speach dhó. ‘Muise shoraidh dhíot,’ a deir an bhean eile. ‘Níor cheart duit an frog bocht a bhualadh.’ ‘Nár fhaighe sé biseach,’ a deir Máire, ‘go mbeidh mise i mo dhochtúir aige.’ An oíche chéanna tháinig fear ag Máire go mall san oíche. Nuair a bualadh buille ar an doras d’éirigh Máire go tobann. Chonaic sí fear ar chapall taobh amuigh den doras agus shíl sí go raibh glaoch faighte aici. D’ullmhaigh sí í féin le gabháil leis agus chuaigh sí amach aige. Shuigh sí suas taobh thiar den fhear. Thiomáin seisean leis agus chuaigh sé amach bóthar Thóin na Sáile agus síos tré Ghleann na gCaisín. Cheap Máire go raibh sé ag dul go teach éigin i nGleann na gCaisín ach choinnigh sé leis i dtreo Ráth an Óir. Bhraith Máire gur rud éicint neamhshaolta a bhí ag éirí. Nuair a shroich siad Ráth an Óir dúirt an fear, ‘Istigh. Nuair a bheas tú réidh san áit atá tú ag gabháil beidh tú ag fáil bronnntanas ach ná glac tada. Imigh mar a tháinig tú.’ Chuaigh Máire go bean i Ráth an Óir agus thug sí páiste ar an saol an oíche sin. B’iomaí sin bronntanas a tairgeadh di ach d’obaigh sí iad go léir. Ag dul amach an doras di chuir bean píosa éadaigh nó seál faoina hascail ach ar an mbealach abhaile bhuail aiféala í agus chuir sí an t-éadach isteach i gcruach mhóna. Ghlac an chruach tine an oíche sin agus ní raibh fanta ar maidin ach a luaith.

    Ba as Tuar na bhFód í Máire agus ba

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1