Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Ó Lúibíní Lú
Ó Lúibíní Lú
Ó Lúibíní Lú
Ebook66 pages1 hour

Ó Lúibíní Lú

Rating: 3 out of 5 stars

3/5

()

Read preview

About this ebook

Rósmáire Ní Ghrifín is an ordinary young girl, or so she thinks. She has to contend with the usual difficulties: a mean older brother, a cross school teacher and the difficulties of getting onto the school football team. Things don't always go smoothly for her, and her 10th birthday proves no different when everyone except her horrid brother forgets it, her mother goes into hospital and her teacher punishes her. Then, to top it all off, she is visited in the night by a host of magical beings. They have come to tell her that she is not, in fact, a mortal, but is a member of the Tuatha Dé Danann, just like them, and endowed with magical powers. Well, Rósmáire can think of nothing worse! She is not one bit fairy-like and detests pink and all other girly-fairy-type things. Why has she been picked to be a fairy? And what can she do about it?This exciting and funny novel is the first in the Cailitín series by Caitríona Ní Mhurchú, and is suitable for children aged 8 – 12 years.

LanguageGaeilge
Release dateSep 1, 2005
ISBN9781784440664
Ó Lúibíní Lú
Author

Caitríona Ní Mhurchú

Caitríona Ní Mhurchú was born in Cork and raised in Dublin. After completing a history degree in Trinity, Caitríona trained at the Gaiety School of Acting. Most recently she appeared in The Party a short story by Anton Checkov which she adapted for the stage with director Sophie Motley for Anu Productions/Bewley's Theatre and Anatomy of a Seagull (Nominated Best Actress Fringe Festival, Best Production Irish Times Theatre Awards). She writes for O'Brien Press, Cló Iar-Chonnacht and Cló Mhaigh Eo. Her first children's book Ó Lúibíní Lú, was nominated for a Glen Dimplex Award and she has been awarded prizes in the Oireachts Literary Festival. Caitríona also writes, directs and voices cartoons for TG4.

Related to Ó Lúibíní Lú

Related ebooks

Reviews for Ó Lúibíní Lú

Rating: 3 out of 5 stars
3/5

1 rating0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Ó Lúibíní Lú - Caitríona Ní Mhurchú

    thuismitheoirí

    Cúig lá agus sé oíche ó shin fuair mé amach gur sióg mé. Táim an-chrosta faoi. Níl spéis dá laghad agam a bheith i mo shióg. Ní cailín siógach mé. Tá aithne agam ar an-chuid cailíní a bheadh i bhfad níos fearr mar shióga ná mise. Cén fáth nár roghnaíodh iad siúd?

    Cad faoi Fidelma atá ar scoil liom? Féachann sí cosúil le sióg cheana féin, fiú. Tá sí beag agus caol agus bán le gruaig fhada dhubh, agus ní chaitheann sí ach gúnaí bándearga. Is maith liom Fidelma ach uch … ! Bándearg? An t-am ar fad? Dhéanfadh sise sióg den scoth.

    Nó Deirdre. Imríonn Deirdre peil liom. Ní bheadh sí chomh siógach le Fidelma. Ach fós bheadh sí go maith. Gach Samhain gléasann sí suas mar Bhanphrionsa na Sióg nó Banríon na Sióg nó Sióg na Sióg nó pé rud é. Ritheann sí timpeall le coróin ar a ceann agus sciatháin ar a droim. Sea, bheadh Deirdre go maith. Agus tá an-chuid cailíní eile a bhfuil aithne agam orthu a bheadh go maith. Ach beidh mise uafásach.

    Ach fós roghnaíodh mé. Is sióg mé. Bhuel, dúradh liom gur sióg mé. Agus is fuath liom bándearg agus gúnaí agus gúnaí bándearga agus sciatháin agus seoda agus gach rud cailíneach. Nílim cinnte gur maith liom bheith i mo chailín, fiú. Bheadh gach rud i bhfad níos éasca dá mba bhuachaill mé. Ansin níor ghá dom choíche gléasadh suas ná mo ghruaig a fhágáil fada ná freastal ar ranganna damhsa ná gúnaí a chaitheamh. Ach anois is cailín mé agus is sióg mé. Agus nílim sásta faoi. Ach níl a fhios agam cad a dhéanfaidh mé faoi.

    D’athraigh mo shaol go hiomlán cúig lá agus sé oíche ó shin. B’in Dé Máirt. Mo lá breithe a bhí ann. Agus bhí mé deich mbliana d’aois.

    Dhúisigh mé ag a ceathrú chun a hocht ar maidin. Tá a fhios agam cén t-am a bhí ann mar is é an chéad rud a rinne mé nuair a d’oscail mé mo shúile ná féachaint ar an gclog atá agam cois na leapa.

    Is breá liom an clog sin. Bhuaigh mo sheanathair i gcomórtas leadóige é i 1956. Ba é an chéad uair dó leadóg a imirt; bhuaigh sé an comórtas agus níor imir riamh arís é. Bhuel, níor imir in Éirinn, pé scéal é. An lá tar éis an chomórtais léim sé ar long a bhí ag dul go dtí an India. Ní raibh leis ach léine bhreise agus a raicéad leadóige. Ní fhaca éinne ó shin é. Faighimid cárta poist uaidh anois is arís, áfach. Sheol sé an clog chugam ó Botswana nuair a saolaíodh mé. Agus tá sé agam ó shin.

    Is é an chéad rud a fheicim nuair a dhúisím ar maidin. Is clog mór seanfhaiseanta groí é le cloigíní beaga ar a bharr. Bhíodh sé dearg uair, ach anois tá an phéint ag titim de agus is deacair a rá cén dath atá air. Agus nuair a bhuaileann na cloigíní – DRRRRRRING!! – déanann siad torann uafásach. Úsáidim é uaireanta chun geit a bhaint as mo dheartháir nuair a bhíonn sé ag cur as dom. Níor lig an clog sin síos riamh mé. Mí ó shin chuir mé faoina philiúr é agus é ina chodladh. Dhúisigh sé de phreab chomh mór sin gur sé thit sé amach as an leaba agus chuir sé a lámh i ngaiste luch a bhí fágtha faoin leaba trí dhearmad. Bhí air ceithre ghreim a fháil ina ordóg.

    Pé scéal é, ar ais go dtí mo lá breithe. Ní raibh sé ach a ceathrú chun a hocht agus níor ghá dom éirí go dtí a hocht chun dul ar scoil. Más ea, d’fhan mé i mo luí sa leaba agus mé ag smaoineamh go raibh sé ait go raibh mé deich anois. Is ait an aois í deich, nach ea? Ní páiste tú ná ní déagóir tú. Níl ionat ach duine atá deich mbliana d’aois. Cad is fiú sin? Lean mé orm de bheith ag smaoineamh na smaointe seo gur ghlaoigh mo mháthair orm.

    ‘A Rósmáire, éirigh! Beidh tú déanach!’ Deireann sí é sin liom gach maidin. Níl a fhios agam cén fáth. Ní bhím déanach d’aonrud. Riamh. ‘A Rósmáire!’

    ‘Táim ag teacht, táim do mo ghléasadh féin!’ Agus freagraím mar sin í gach maidin, fiú muna bhfuil sé fíor. Fiú má táim fós deas teolaí faoin bpluid, agus gan aon fhonn orm éirí chun dul ar scoil.

    ‘Á, a Rósmáire, tá tú éirithe!’ B’in a dúirt sí liom nuair a chonaic sí sa chistin mé. D’fhan mé ag féachaint uirthi tamall le meangadh ar m’aghaidh, féachaint an ndéarfadh sí aon rud eile liom. Ní dúirt. Shuigh mé chun boird chun mo chalóga a ithe. Cheap mé go mb’fhéidir go mbeadh cárta breithe nó bronntanas beag in aice mo bhabhla. Ní raibh.

    Stán mé uirthi arís agus bhí mé ar tí rud éigin a rá léi, ach bhí cuma an-tuirseach uirthi. Tá mo mháthair tinn. Níl a fhios agam go díreach cad atá uirthi, mar níl éinne tar éis a rá liom, ach tá a fhios agam go bhfuil sí breoite. Bíonn uirthi codladh an-chuid. Codlaíonn sí níos mó ná mise, fiú. Uaireanta téann sí a

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1